Ní bheidh Ainm ag postáil ar X feasta.
Más spéis leat ár gcuid oibre is féidir muid a leanúint ar Facebook nó Bluesky.
Is féidir clárú dár nuachtlitir sheachtainiúil ag gaois.ie/ga/newsletter
89
Beatha na Seachtaine: Seán Mac Maoláin (1884–1973)
Bhí baint ag Seán le hathbhunú Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. Ba leaseagarthóir é leis An Gúm ó 1934 ar aghaidh agus ba é a scríobh Lorg an Bhéarla (1957). D’éag sé ar an 22 Eanáir 1973.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=33
Grianghraf thuas de Ghleann Aireamh, an ceantar inar rugadh Seán Mac Maoláin.
“An Bailiúchán Grianghraf, A031.24.00001” ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.
duchas.ie/ga/cbeg/7086
78
Beatha na Seachtaine: Eibhlín Ní Bhriain (1925-1986)
Bhí cáil uirthi mar iriseoir - b’fhéidir gurbh í an t-iriseoir mná ba nótáilte lena linn í. Ceapadh ina heagarthóir Gaeilge í ar The Irish Times. D'éag sí ar an 1 Eanáir 1986.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=1623
Beatha na Seachtaine: Colm Ó Laoghaire (1919–2007)
Cuimhnítear go fóill ar na scannáin a dhéanadh sé gach seachtain sa tsraith 'Amharc Éireann' ag Gael Linn a thaispeántaí i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. D'éag Colm ar an 26 Nollaig 2007.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=3020
Beatha na Seachtaine: Carl Wilhelm von Sydow (1878–1952)
Rugadh é ar an 21 Nollaig 1878 in Ryssby sa tSualainn. In 1924, in Ollscoil Lund, ba é an chéad scoláire riamh é sa tSualainn a bhí ag múineadh Gaeilge in ollscoil.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=1390
Beatha na Seachtaine: Dáithí Ó hÓgáin (1949–2011)
Chaith sé blianta fada ag obair i Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Foilsíodh filíocht, gearrscéalta agus leabhair scolártha leis. D’éag sé ar an 11 Nollaig 2011.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=3043
Beatha na Seachtaine: Micheál Mac Gréil (1931–2023)
Bhí baint aige le bunú Feachtas, óg-ghluaiseacht na Gaeilge. Foilsíodh a chuid taighde i bhfoirm leabhair dar teideal Prejudice and tolerance in Ireland (1978).
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5111
Beatha na Seachtaine: Seán Ó Tuairisg (1945–2023)
Bhí Seán ar dhuine den seachtar clár-reachtairí a fostaíodh nuair a cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun. Bronnadh Gradam Jacobs ar Sheán as a chuid oibre ar an irischlár teilifíse Cúrsaí.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5110
Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Muircheartaigh (1930–2024)
Bhí sé ar dhuine de na tráchtairí spóirt ab fhearr, ní hamháin in Éirinn, ach ar domhan. I measc na leabhar a scríobh sé, tá From Dún Síon to Croke Park agus Micheál's GAA Odyssey.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5109
Beatha na Seachtaine: Máirín Seoighe (1954–2022)
Chaith sí formhór a saoil oibre i dtionscal na scannánaíochta agus na teilifíse. I measc na gclár agus na sraitheanna teilifíse a léirigh sí, tá Beannacht an fhómhair, Ceol Cois Locha agus Imircigh ban.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5108
Beatha na Seachtaine: Seán Ó Dúnaighe (1878-1965)
Chaith Seán a shaol ag obair go dúthrachtach chun teanga agus cultúr dúchais na nGael a chur chun cinn. Foilsíodh trí leabhar leis - Plúr na Gaedhilge, Inghean an Ghearaltaigh agus An crann cuilinn.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5107
Beatha na Seachtaine: Jimmí Ó Cearra (1927–2020)
Rugadh Jimmí i gClochar an Locha, an Lochán Beag, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Foilsíodh Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige in 2010, an cnuasach scéalta is toirtiúla a tháinig ón gceantar.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5106
Beatha na Seachtaine: Máire Próinséas Ní Chatháin (1936–2018)
Is iomaí gradam agus scoláireacht a bhain Próinséas amach tráthanna éagsúla i rith a saoil. Ba mhórscoláire i réimse an Léinn Cheiltigh í a rugadh i mbaile Loch Garman.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5105
Beatha na Seachtaine: Diarmuid Breathnach (1930–2023)
Rugadh é i gCoill tSíomoin, Co. Chill Mhantáin. Ghnóthaigh sé móraitheantas lena chomhúdar, Máire Ní Mhurchú, as an tsraith iomráiteach Beathaisnéis 1-9 (1986-2007).
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5104
Beathaí nua curtha le ainm.ie
Diarmuid Breathnach
Máire Próinséas Ní Chatháin
Jimmí Ó Cearra
Seán Ó Dúnaighe
Máirín Seoighe
Micheál Ó Muircheartaigh
Seán Ó Tuairisg
Micheál Mac Gréil
@CloIarChonnacht
Tuilleadh eolais: ainm.ie/pdf/25.10.13-pr-beat…
Beatha na Seachtaine: Aodán Mac Póilín (1948-2016)
Rugadh é i mBéal Feirste ar an 11 Deireadh Fómhair 1948. Gníomhaí díograiseach teanga, ceannródaí cróga agus scoláire cumasach ab ea é.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=5036
Beatha na Seachtaine: Osborn Joseph Bergin (1873–1950)
Rugadh an scoláire seo i gcathair Chorcaí. Chuir sé féin agus R.I. Best Lebor na hUidre i gcló in 1929. D'éag sé i mBaile Átha Cliath ar an 6 Deireadh Fómhair 1950.
ainm.ie/Bio.aspx?ID=122
87
















