Conradh na Gaeilge ⭕️ (@CnaG) header
Conradh na Gaeilge ⭕️ (@CnaG) profile picture

Fóram daonlathach phobal na Gaeilge ó 1893 Democratic forum for the Irish Language Community since 1893 https://nitter.cf/t.co/h5Cf4snRyn | Carthanas / Charity: RCN 20003869

Éire / Ireland
Joined February 2009
😍😍😍 25,000 GAEL AG ÉILEAMH #CEARTA FRÍD CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH 😍😍😍
7
82
4
250
11,934
Tá éigeandáil ann sa chóras oideachais. 🚨 I 2025, ní dhearna ach 79% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh an scrúdú Gaeilge, i gcomparáid le 99% a rinne scrúdú Béarla. Idir an dá linn, tá líon na ndaltaí iar-bhunscoile a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu as smacht. Tá an fhianaise ann. Tá an córas ag teip ar dhaltaí. Tá muid ag éileamh ar an Aire Oideachais @1Hildegarde feidhmiú ar na moltaí atá leagtha amach cheana féin i dtaighde an Ollaimh Pádraig Ó Duibhir. 🔗cnag.ie/díolúintí
4
12
393
Ráiteas Nuachta @cnag "Géarghá le réiteach buan, idir theicniúil agus cheadúnais, chun deireadh a chur le tionchar na teorann ar chraoltóireacht chláir Ghaeilge" Léiríonn tuarascáil úrnua de chuid OFCOM, déanta ar son na Roinne Eacnamaíochta ó thuaidh, go maireann fadhbanna suntasacha geobhlocála ó thuaidh Tá tuarascáil nua foilsithe ag OFCOM, an rialtóir neamhspleách reachtúil cumarsáide agus craolacháin de chuid na Breataine, maidir leis ceist na geobhlocála mar a bhaineann le craoladh clár de chuid RTÉ agus TG4 ó thuaidh. Is ceist fhadbhunaithe í ceist na geobhlocála ó thuaidh mar a bhaineann le cláir spóirt agus Gaeilge ó RTÉ agus TG4. Faoi láthair, agus le fada an lá, tá réimse leathan cláir Ghaeilge nach bhfuil teacht orthu ar ardáin éagsúla ó thuaidh, go háirithe ar shéinnteoirí ghléasanna digiteacha, ar nós Bluey (RTÉ), Spongebob agus Dora (TG4/Cúla4), mar shampla, mar aon le cláir bheo spóirt ar nós GAA BEO, i measc imeachtaí móra idirnáisiúnta eile. Tugtar le fios sa tuarascáil nua, a rinneadh ar son na Roinne Eacnamaíochta ó thuaidh, go bhfuil dhá phríomh-chúis leis an gheobhlocáil a dhéantar ar chláir RTÉ agus TG4 ó thuaidh; 1) ceadúnas tráchtála an chláir (nó an imeachta) faoi chaibidil; agus 2) seoladh IP an lucht féachana. Is féidir teacht ar an tuarascáil de chuid OFCOM anseo: economy-ni.gov.uk/publicatio… Dúirt Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Dr Pádraig Ó Tiarnaigh: “Is ábhar mór frustrachais do Ghaeil atá lonnaithe ó thuaidh an cosc a chuirtear orainn teacht ar ábhar trí Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ agus TG4. Más suim leat an spórt, bíonn neart imeachtaí móra ann nach mbíonn rochtain againn orthu, agus is údar mór díomá é sin, go háirithe nuair a bhíonn foirne nó iomaitheoirí ó na sé chontae páirteach ann. Mar thuismitheoirí atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge, ní bhíonn mórán rogha cláir aitheanta trí Ghaeilge a chur ar fáil dár bpáistí. Tá rogha níos lú arís againn nuair nach bhfuil teacht againn ar chuid de na cláir is mó le rá. Aithníonn muid go ndéanann TG4 ceadúnais a cheannach ar bhonn 32 contae, ach fiú sa chás sin, bíonn cosc orainn ar neart gléasanna. An toradh air sin ná go dtiontaíonn ár ndaoine óga i dtreo an Bhéarla. Cén fáth an gcuirfeadh fiú an Gael is díograisí am amú ag iarraidh theacht ar bhealach éigin chun Bluey a shrúthú nuair is féidir teacht air gan srian trí Bhéarla ar an BBC? Cuireann muid i gcuimhne don dá Rialtas, ar chomhshínitheoirí iad ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil coimitmint shonrach sa Chomhaontú sin go ndéanfaidh siad ‘gníomh diongbháilte’ rochtain TG4 a fheabhsú sna 6 chontae mar a bhaineann sé le craoltóireacht na Gaeilge. Tá ag teip orthu sin a dhéanamh faoi láthair.” “Cuireann muid fáilte roimh an tuarascáil úr seo de chuid OFCOM atá iarrtha ag an Aire Eacnamaíochta agus aithníonn muid cuid de na dúshláin, idir théicniúil agus cheadúnais, a bhaineann leis an cheist seo. Ach tá réiteach buan anois de dhíth orainn. Tá an geo-bhlocáil, bíodh sé fríd an IP nó fríd an cheadúnas, ag dul i bhfeidhm ar Ghaeil sna 6 chontae agus tá an cosc sin ag déanamh damáiste don líon uaireanta Gaeilge atá siad ag amharc air gach lá. Fáiltíonn muid roimh na moltaí sa tuarascáil go ndéanfaidh an dá Rialtas athbhreithniú ar an mheamram tuisceana atá eatarthu ar an cheist seo. Tá Conradh na Gaeilge ag plé na gceisteanna seo le TG4 faoi láthair agus muid ag iarraidh theacht ar reiteach a thugann rochtain chothrom do Ghaeil sna 6 chontae ar iomlán cláracha an staisiúin gan srian.” An tseachtain seo caite, 20 Deireadh Fómhair 2026, ritheadh rún sa Tionól ó thuaidh ag iarraidh ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann theacht ar réiteach buan chun deireadh a chur leis an gheobhlocáil ó thuaidh. (Tuilleadh eolais: data.niassembly.gov.uk/Hansa… - lgh 55-63). **Críoch
1
3
6
350
News Release @CnaG "Permanent solution to ‘geoblocking’ required as Irish language content ‘restricted’ north of the border" New report from OFCOM, at the request of the Minister for the Economy, confirms significant ‘geo-blocking’ problems persists into digital era A new report published by OFCOM, the independent British statutory broadcasting regulator, has highlighted the ongoing problems associated with ‘geoblocking’ programmes broadcast by RTÉ and TG4 in the north. This has been a long-standing issue where sporting broadcasts and Irish language content have been blocked or restricted across various platforms on both RTÉ and TG4 based on both digital and licensing considerations. There are numerous Irish language programmes restricted for viewers in the north, be that when live streaming RTÉ or TG4, or accessing the ‘players’ online for on-demand services, such as Bluey (RTÉ), Spongebob and Dora (TG4/Cúla4), as well as Irish language sporting content, GAA Beo, for example, amongst other live sporting broadcasts and highlight programmes. Communications Manager with Conradh na Gaeilge, Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, commented: “Gaels in the north are rightly frustrated and angry when Irish language and sporting programmes are blocked or restricted on this side of the border. If you follow sport, you will know there are numerous live broadcasts and highlights programmes that we cannot access across devices, on some occasions, when teams and competitors themselves are from this part of Ireland. As parents raising our children through the medium of Irish, we already have very limited access to globally recognised content for young people through Irish. We have even less access when some of those shows that have been translated into Irish are then restricted or blocked. We recognise that TG4 make provision for an all-Ireland, 32 county license for much of their material. Unfortunately, even then, due to IP restrictions and non-UK licenses, many of those programmes continue to be restricted on various platforms and devices. The inevitable result is that people engage less with Irish language content and turn to English-language streaming services due to ease of access and range of unrestricted programmes available. Why would even the most dedicated Irish-speaker spend their time trying to find a solution or work-around to access Bluey in Irish when they can get it immediately through English on BBC iPlayer? We must remind both the Irish and the British Governments that they are co-guarantors of the Good Friday Agreement and in that agreement they have jointly promised to ‘take resolute action’ to promote Irish, specifically to “explore urgently with the relevant British authorities, and in co-operation with the Irish broadcasting authorities, the scope for achieving more widespread availability of Teilifis na Gaeilige [TG4]” in the north. In that regard, they are failing to uphold the Good Friday Agreement.” “We welcome this timely report by OFCOM, as requested by the Economy Minister’, as we continue to seek a resolution to this longstanding broadcasting issue. We recognise the competing issues raised, between technical IP issues, to commercial licensing problems. But the effect of those issues combined is that Irish speakers in the north are left with a lesser service than our counterparts south of the border. Geo-blocking, non-Irish IP addresses, and non-UK licensing, means Irish speakers and families in the north are watching less daily Irish language content. That is damaging to the ongoing revival of Irish here. We welcome the recommendations in the OFCOM report that both Governments review the 2010 Memorandum of Understanding on digital television services to assess whether it remains fit for purpose as viewing habits evolve. Conradh na Gaeilge is currently engaging and discussing these issues with TG4 and we look forward to finding a permanent solution that will give northern Gaels equal access to the full library of content on TG4, Cúla4 and RTÉ with any restriction or limitation.” *The @Ofcom report for @Economy_NI @CArchibald_SF can be accessed here: economy-ni.gov.uk/publicatio… -- END --
1
2
6
247
Tá córas díolúintí na Gaeilge imithe go hiomlán as smacht🚨 Tá sé scannalach nach bhfuil ach 14,500 dalta ag freastal ar scoileanna iar-bhunscoile lán-Ghaeilge, agus tá díolúine ón nGaeilge ag 64,488 dalta ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Tá muid ag éileamh ar an Aire Oideachais feidhmiú ar na moltaí atá leagtha amach cheana féin i dtaighde an Ollaimh Pádraig Ó Duibhir. 🔗cnag.ie/díolúintí
1
8
16
690
"Airíonn muid uainn go mór é. Ach maireann an meas atá againn air. Maireann a chuimhne. Maireann a shaothar. Ba linne, pobal na Gaeilge, é – an craoltóir ab fhearr ariamh in Éirinn. Mairfidh sé sin go brách. Ach samhlaím Rónán ag breathnú anuas orainn ar fad agus teachtaireacht amháin aige: ‘Coinnigh ag gabháil é.’" tuairisc.ie/ciorruithe-an-bb…
4
12
568
🙌Seimineár an Oireachtais 2026 📻 An tSeachtain le Mairin Ní Ghadhra Conradh na Gaeilge 🤝 RTE Raidió na Gaeltachta 📢 ‘Gaeltacht gan Tithe - Gaeltacht gan Todhchaí?’ Pléifear géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an tionchar atá aici ar an nGaeilge le scoth na gcainteoirí 📷 📌11am, Satharn, 31 Deireadh Fómhair, An Bálsheomra, Óstán an Gleneagle, Cill Áirne #OnaS26 @OirnaGaeilge @AntSeachtainMNG
8
11
546
Foláireamh lom atá tugtha ag taighdeoirí 'Ó Bhéal an Phobail: Tithíocht i nGaeltacht Chiarraí Thiar’, go mbainfeadh an cur chuige atá molta sa Dréacht Ráiteas Náisiúnta Pleanála an bonn de thodhchaí na Gaeltachta. Tá gá le cosaintí níos láidre don bpobalteanga, ní rialacháin gan chiall a lagódh an Ghaeltacht.
1
1
4
401
1/2 Tá iarmhairtí líon na ndíolúintí ón nGaeilge i scoileanna le brath anois lasmuigh den chóras oideachais. Tá athruithe á moladh ag an nGarda Síochána maidir le teagasc na Gaeilge do ghardaí faoi oiliúint mar fhreagra ar an méadú seo. Níor chóir go n-úsáidfí é seo mar leithscéal chun caighdeáin na Gaeilge laistigh den Gharda Síochána a ísliú.
1
1
5
413
2/2 Ba cheart tacaíochtaí níos láidre ar nós réamhchúrsa Gaeilge a chur ar fáil d’earcaigh a raibh díolúine acu ón nGaeilge ar scoil, nó nach bhfuil aon taithí acu ar an teanga cheana féin. Ní mór don Stát a chinntiú go bhfuil na Gardaí in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus cearta teanga an phobail a chosaint. tuairisc.ie/an-garda-siochan…
1
132
"Tá sé ráite go bhfuil sé in am ag rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine teacht le chéile chun deireadh a chur leis an mbac a bhíonn ar dhaoine ó thuaidh féachaint ar ábhar ar RTÉ agus TG4." "Ritheadh rún i dTionól Thuaisceart Éireann aréir ag léiriú imní faoin tionchar a bhíonn ag an geo-bhlocáil ar dhaoine go háirithe nuair a chuirtear bac orthu cláir Ghaeilge agus ócáidí móra spóirt a fheiceáil." @rte @TG4TV @Cula4_TG4 @bbcgaeilge tuairisc.ie/teaghlaigh-ata-a…
6
16
388
"Is iomaí gradam buaite ag cláracha Gaeilge BBC Thuaisceart Éireann. Bíodh an soláthar acmhainní gann dó ach tá foireann bheag ardchumais ina bhun. Ba bheag an t-aitheantas a fuair an t-éacht sin nuair a d’fhógair ceannasaí an BBC i mBéal Feirste ciorruithe foirne an tseachtain seo caite." "Tá trí phost as cúig cinn á gcur ar ceal – sin 60% den fhoireann. Plean é a scriosfaidh an t-aonad agus atá as miosúr leis an ráta iomarcaíochta san iomlán atá á iarraidh." tuairisc.ie/udar-imni-e-an-s…
1
6
337
Conradh na Gaeilge ⭕️ retweeted
‘Bluey’ orainn i gcónaí… mar gheall ar an ngeo-bhlocáil Scéal ó nuachtlitir an lae, ar fáil 👉🏻 tinyurl.com/37v2hut2
3
4
224
Mhol an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an BBC faoi Aonad na Gaeilge: “Mholfainn go láidir go ndéanfaí riachtanais lucht féachana/éisteachta na mionteangacha, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a thiocfadh a bheith ann don Ghaeilge, a mheas ina iomlán, agus go ndéanfaí athbhreithniú ar aon chinntí le croí-sheirbhísí an BBC a laghdú.” tuairisc.ie/ba-choir-don-bbc…
3
10
368
Rún rite sa Tionól inniu sa Tionól ó thuaidh ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an geobhlocáil ó thuaidh ar sheirbhísí RTÉ agus TG4 sna sé chontae. Leanfaidh muid ar aghaidh ag cur brú ar an dá Rialtas, ar RTÉ agus ar TG4, chun soláthar cothrom Gaeilge a chur ar fáil d'achan duine ar an oileán seo, gan chamadh gan chlaonadh, mar atá luaite i gComhaontú Aoine an Chéasta. Motion passed with cross-party backing in @niassembly this evening calling for an end to geo-blocking of RTÉ and TG4 services in the north. Conradh na Gaeilge will continue to lobby to ensure Irish language content and programmes are available equally right across Ireland, in line with the 'resolute action' for TG4 and Irish language Broadcasting set out in the Good Friday Agreement. Buíochas le gach duine a thacaigh leis an rún, a labhair ar son an rúin agus le @GildernewColm as an rún a chur chun cinn.
12
25
701
Níor chóir go mbeadh cúlú ar an gcosaint don Ghaeilge sa Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht. De réir taighde nua ó Choláiste na Tríonóide, déanfaidh na polasaithe seo dochar tubaisteach d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta má chuirtear i bhfeidhm iad gan leasuithe. Ní mór coinníollacha teanga a neartú, seachas iad a lagú, agus saineolas sochtheangeolaíoch a úsáid ina dtaobh. Iarraimid ar an Aire aghaidh a thabhairt ar an gceist seo mar ábhar práinne.
1
4
10
580
'Airbnb and Booking. com have made it so attractive for property owners to rent out their places short term that these potential homes are taken off the rental market for young Gaeilgeoirí who can’t afford to compete in trophy auctions.' irishtimes.com/opinion/2026/…
5
10
28
608